Dé hAoine, 2009 Samhain 20

Ionracas

Le blianta beaga anuas tá sé tugtha fé ndeara agam go bhfuil easpa ionracais le sonrú i chuile eacma de shaol na tíre. "'Sé sin le rá nach bhfuil tú dall" a dheireann sibh ag scigeadh as mo shoineantas shimplí. Is fíor dhaoibh a leitheoirí (má tá a leithéidí fós agam), ach ní Bertie na mBréag atá i gceist agam, nó Brian na mBraon ach oiread.

'Séard atá feicthe agam ná meoin leithleasacha santacha trína ndéantar iarracht bob a bhualadh ar dhaoine in ionad comhoibriú ar son an uile. Is minic atá i gceist ná "na bochtáin ag rí-bhochtú a chéile" mar a thárla i gCorca Dorcha tráth dá raibh. Caithfidh mé a adhmháil go mbaintear geit asam chuile uair a thárlaíonn sé. B'fhéidir go bhfuil mé ró-shoineanta agus réidh chun muinín a bheith agam as daoine, ach cad é an rogha eile - iarracht a dhéanamh gan marachtáil i scáth daoine eile?

An bhfuil taighde déanta ag saineolaithe ar an gceist seo? Cad é a mhuasclaíonn an dearca 'mé-féineach' seo? Tá sé léirithe le blianta fada (c.f. The Selfish Gene) go bhfuil sé fábharach cabhair a lorg agus a thabhairt d'ár chomharsanna. Tá teoiric an Game Theory ann, go h-áirithe an 'cluiche' teoiriciúil Idir Dhá Throm an Ghéibheannaigh. B'é an ceacht a thógadh ón gcluiche seo le fada na lá ná gurb fhearr don sochaí iomlán dá leanadh chuile duine ann ar lorg leithleasach agus go méadófaí forbairt an sochaí dá bharr.

In aineonn a shíl Gordon áfach, tá roinnt fianaise anois againn cén toradh a bhaintear nuair a leantar le réim mé féin.

Tá'n tír briste ag lucht an rachmais ach fós tá an cuma air go bhfuil an meon mídhaonna seo beo. B'fhéidir gur gá dom fanacht roinnt blianta eile go dtí go bhfilleann bun-mhoráltacht orainn i gcoitinne?

Ní hé seo le rá gur naomh mé ach oiread, agus cinnte bíonn cathú ann i gcónaí céim in áirde a thógaint más féidir, ach an bhféadfainn é a thógaint ar dhrom mo chomhghleacaithe? Agus lán fios acu go raibh braith agus cealg i ndán agam dóibh? Ní fhéadfainn. Fiú nuair atá a leithéid déanta ormsa arís agus arís eile le bliain no dhó anuas ní bheadh sé mar dhánacht agam masla mar seo a léiriú d'éinne nach raibh sé tuillte acu. Fiú nuair atá buile tuillte ag daoine, ní thabharfainn le rá go raibh díoltas ionam (cé go bhfuil!).

N'fheadar an bhfuil droch chomhluadar ar leith bainte amach agam? Le déanaí cuireadh tairiscint ós mo chomhair a bhí chun méad airgead a thuilleadh. Dúirt mo dhuine nach ndéanfadh sé an beart mura raibh leath den bhrabús ag dul dó, cé go raibh dhá thrian den obair le déanamh agamsa agus ag mo chomarádaí. Nuair a cheistigh mé an eagóir seo, phléasc sé ar buile. An raibh sé ceart agam an tairiscint a dhiúltiú? Bhí dár liom, ach níor aontaigh tromlach mo chomhghleacaithe liom agus táid anois sáite suas tóin santach an bhastún eile ag iarradh an obair a dhéanamh, in ainneoin an masla dochreidte a léiríodh dúinn! Níl déanta ansin ach an mí-iompar a mholadh, rud a chinnteoidh gur bhfeicfí arís í.

Ag filleadh ar Dhá Throm an Ghéibheannaigh, nó ar cluiche mar é, Ultimatum:
Fairness

Liar. Cheater. Traitor. These are fighting words. It’s human nature to get angry when you’re betrayed. The principles of fairness and justice have been hardwired into our brains during the evolution of social behavior. Even monkeys will object to unfair treatment. Researchers from Yerkes National Primate Research Center rewarded brown capuchin monkeys with cucumber treats if they handed a token back to the experimenter. Monkeys became angry when they saw another monkey receive a better reward for the same effort. They became even angrier when another monkey was rewarded for doing nothing. Monkeys who felt cheated actually rejected the cucumber rewards. They preferred to have nothing rather than participate in an unfair game.

Is léir go dtuigeann no moncaithe coincheap Cothrom na Féinne. Creid nó ná creid é, tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil níos lú ionracas iontu ná moncaithe.

Dé Sathairn, 2009 Meán Fómhair 12

Namhaid an Phobail

Chaitheas cúpla uair inniú ar sráideanna an phríomhchathair ag léirsiú i gcoinne NAMA. D'eagraigh Irish Peoples Union an eachtra ach is ar an mBiorán a chualas faoi. Ní raibh ach 400 i láthair, rud a chuir díomá orm, ach cad is féidir a dhéanamh mura bhfuil lucht na ngearán buartha a dhóthain aon rud a dhéanamh?

Is ar éigin go raibh níos mó na 400 anseo agus féach a thárla ansin! Más tús maith leath na hoibre, is tús fós drochthús. Ar aghaidh go deo go mbeirimid bua!

Bhí sé beagáinín greannmhar na grúpaí eagsúla a fheiscint le chéile agus an sprioc chéanna á lorg acu, ach bhí fear amháin go háirithe as áit go hiomlán.
Cad a cheap mo dhuine nuair a thosaigh RBB ag rá go mba chóir don Stáit a bheith i bhfeighil ar na bancanna? LOL.

Cad a cheap na daoine i Savills faoin slua bheag a bhí béal dorais leo ar feadh leath uair nó mar sin? Ní raibh an cuma air go raibh eagla orthú go mbainfidh Madame Guillotine ó chúl lorraí ar aon nós.

Seo roinnt íomhánna eile ón lá. N'fheadar an mbeidh stampaí á eisiú ag An Post blianta amach anseo ag ceilliúradh tús na réabhlóide?


BrendanG ón mBíorán le culaith Banana air. Lán mharcanna a Bhreandáin!


Sean Brigadista! Adelante! Viva la revolución!


Planet of the Irps!


Iarracht mhaith.

Fillfidh mé Dé Sathairn seo chugainn chun cabhrú le slua an lae inniú a shárú. Bigí ann.

Dé hAoine, 2009 Meán Fómhair 04

If you go down to the woods today ...

An é seo a bhfuil i ndán dúinn uile amach anseo? I gcoill in aice linn tamaill bheag ó shin thángamar ar seo:

Is ar chosán bheag i measc na gcrainn a bhí sé, suas cnocán agus b'fhéidir cúig nóiméad nó mar sin ón bpríomhslí. Ag breathnú isteach ann bhí mala luí salach suarach agus máilín bheag stiallach. Deacair a rá an bhfuil éinne ina chónaí anseo, ach ní dóigh liom gur páistí ag spraoi a thóg an 'dídean'. B'fheidir i lár an tSamhraidh d'fhéadfaí a leithéid a fhulaingt, ach anois agus an Fhomhair fliuch anuas orainn?

Déardaoin, 2009 Lúnasa 06

LOL


Seo an fáth nach bhfuil áiseanna ann do dhaoine le mhíchumas. Le buíochas don Bhiorán.

Dé Domhnaigh, 2009 Iúil 19

Gealtacht Sheáin na nUiscí mínithe faoi dheireadh.

Ceist a mhair i m'aigne le bhlianta fada anuas ná cúis ghealtacht John Waters. Dé hAoine seo chaite d'fhreagraíodh an cheist.

THE LATE-1970s and 1980s seem to have been for me a series of extended pub conversations
Seán an Uisce Bheatha is cosúil.