7.1.10

Sean chara gan choinne.

Bhuail sean-chara, nach raibh feicithe againn le blianta fada anuas, isteach aréir orainn gan choinne. D'fhearamar fáilte is fiche roimhe agus chaitheamar ana-oíche ina chuideachta agus ba dheacair an rud é na leannaí a chur chun luí, chomh sceitimíneach is a bhíodar. Ar éirigh dúinn ar maidin bhí an fear úd fós linn agus an cuma air go bhfuil sé ag daingniú faoi.

Tá leath-mheangadh anois air, ionann is a rá "beidh brón oraibh sula n-imím uaibh" agus súile dubha aige nach féidir liom breathnú iontú a thuilleadh.

Is minic a lean maidin brónach oíche shúgach, nach ea?



5 comments:

  1. Maith sibh! Chuir an bhlagmhír seo meangadh ar m'aghaidh. Agus chuir an grianghraf ag smaoineamh mé. Tá cruth canónta ar bheagnach chuile fhear sneachta: trí liathróid sneachta ar mhuin a chéile. Seo dán beag a scríobh mé deich mbliana ó shin, “Paidir Págánach”:

    Cuirim clocha
    ar mhuin a chéile.
    Trí chloch,
    sin altóir,
    sin ofráil,
    sin beannacht.

    ReplyDelete
  2. Ana mhaith. Níor thug mé fé ndeara riamh go raibh cruth 'archetypal' ar fir sneachta, ach conas eile a mhíniú gur mar sin díreach a thógamar ár cheannsa? Go h-áirithe nuair a chuirtear san áireamh gur nach minic a bhíonn deis againn a leithéad a thógáil in Eirinn. Tá'n cuairteoir linn fós, agus caipín anois air.

    Aimsir dochreidte ar fad í seo dúinne - an tóin ag titim as as an dtír ó bhun go bharr.

    ReplyDelete
  3. An ag rá linn atá tú nach bhfuil sé sábháilte a bheith amuigh ag rothaíocht?
    ;-)

    ReplyDelete
  4. De réir a chéile a thógtar na caisleáin. ;-)

    ReplyDelete
  5. Agus is de réir a chéile a laghdaítear méid na gcaisleán freisin?
    ;-)

    ReplyDelete