14.7.10

Bás na scoileanna ABA.

alt sa pháipéar inniú a chuireann scéin agus fearg orm.

Tá brú á chur ar thuistí sna scoileanna ABA aitheantas mar scoileanna speisialta a ghlacadh ach ar bhonn an chinnteos nach scoileanna ABA a bhéas iontu a thuilleadh.

Ó oscailt an chéad scoil ABA i gCorcaigh níos mó na deich mbliain ó shin, tá fás agus borradh tagtha ar na scoileanna seo, ach ní rabhadar riamh in ann séirbhísí a chur a fáil do ghach páiste a raibh gá acu dóibh.  In ionad scoileanna nua a oscailt agus forbairt na scoileanna a bhí ann a cheadú agus a mhaoiniú, bheartaigh ar an rialtas ar iad a dhúnadh, diaidh ar ndiaidh, faoi cheilt, i ngan fhios don phobail i gcoitinne.

Mar a thuigtear domsa é, tá brú á chur ar na dtuistí agus na oidí sna scoileanna glacadh leis na coinníollacha nua nó dúnfar na scoileanna.

Tá dalla mullóg á chur orthu freisin go mbeidh gach rud ceart go leor ach tá na saineolaithe i gceannas ar chéird ABA i ndiaidh teacht amach anois le ráiteas a cháineann pleananna an rialtais agus a shéanann gur féidir cláracha ABA a chur i bhfeidhm gan oidí atá cáilithe i gceart chuige.

Ionsaí náireach ar pháistí le huathachas atá anseo agus níl deireadh an scéil cloiste fós againn.

5 comments:

  1. Cén fáth go bhfuilid ag iarraidh a stádas ABA a athrú?!
    Cad é a loighic truaillithe?!

    Níl an nasc san alt ag feidhmiú dála an scéil.

    ReplyDelete
  2. GRMA. Tá an nasc sin deisithe agam anois.

    Freagra ar do cheist, ní féidir liom a thabhairt, ach pé fadhb atá acu le ABA, tá sé acu le blianta anois, dar le iar-Aire ar aon nós.

    ReplyDelete
  3. Anonymous17/7/10 19:49

    Cinnte dearfach thugann sé ardú ar an imní go bhfuil modh roghnach i gcóir roinnt tuistí i mbaol tromchúiseach d'imigh as. Mo náire ar an Roinn Oideachas.

    ReplyDelete
  4. GRMA fearganainm.

    Pé rud eile a thiteann amach anois, is cinnte gur cúis buairt agus imní atá anseo do thuistí. Ach tá taithí na mblianta ag tuistí pháistí le míchumais ar na mothúcháin sin, go minic de bharr gníomhartha na Roinne.

    Is féidir breathnú ar an mbagairt seo mar chéim náireach eile i bhfeachtas scannalach na Roinne i gcoinne daoine le míchumais.

    ReplyDelete
  5. Anonymous12/9/10 10:41

    http://www.gopetition.com/petition/38966.html

    ReplyDelete